Tá a teach cónaí cúpla céad bliain d’aois, teach cionn tuí a bhí ann ar dtús báire. Bhí crochadh os cionn na tine agus leacacha ar an urlár. Bhí leaba sa chistín agus chuireadh siad pota na bpréataí amach ar an lasaoid, bhí cuid de déanta as adhmad agus saileog. A cuimhne ar an teaghlach ina suí ar an urlár ag ithe a ndinnéir, na préataí, bainne agus salainn. Bhíodh scadán caoch acu fosta. A cuimhne ar sheanbhean a bhí ina cónaí ag a dtaobh agus bhíodh an bhó sa teach léi fosta. Bhíodh cearca sa teach fosta. Bhí uibheacha acu féin agus dhíoladh siad sa tsiopa nó cheannaíodh siad a gcuid earraí le luach na n-uibheacha. | 00:03:53 | |